Ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialaigh

Eolas

Is féidir le híocadh Árachais shóisialta cuidiú leat bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialaigh, ar nós An Pinsean Stáit (Ranníocaíochta). Más fostaí thú, gearrtar asbhaintí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ó do phá gach aon seachtain.

Mura fostaí tú a thuilleadh nó má tá tú féinfhostaithe agus gan ranníocaíochtaí (ÁSPC) a dhéanamh, thig leat ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.

Má bhíonn tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, nó ag síniú le haghaidh creidmheasanna, is féidir go bhfuil ranníocaíochtaí creidiúnaithe nó ‘creidmheasanna’ dlite duit, rud a choinneoidh d'árachas sóisialta cothrom le dáta freisin.

Is féidir le ranníocaíochtaí deonacha do thaifead árachais shóisialta a chothabháil agus cuidiú leat bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialaigh sa todhchaí. Cumhdaíonn ranníocaíochtaí deonacha sochair fhadtéarmacha, dála pinsean. Ní chumhdaíonn ranníocaíochtaí deonacha sochair ghearrthéarmacha, áfach, le haghaidh breoiteachta, cuardaitheora post agus máithreachais, mar shampla.

Féadfaidh tú roghnú ranníocaíochtaí deonacha a íoc (má tá tú faoi bhun 66 bliain d'aois agus sásaíonn tú na coinníollacha eile) mura dtá tú:

  • Faoi chumhdach scéim ÁSPC a thuilleadh ar bhonn éigeantach in Éirinn
  • Faoi chumhdach scéim ÁSPC a thuilleadh, ar bhonn éigeantach ná deonach, i dtír ar bith eile de chuid an AE

Má tá tú ag obair thar lear agus níl tú faoi réir ranníocaíochtaí ÁSPC na hÉireann nó an AE féadfaidh tú roghnú ranníocaíochtaí deonacha a íoc.

Más duine thú a d’éirigh as an obair chun dul i gcúram linbh faoi 12 bliana d’aois nó i gcúram duine éagumasach/ linbh éagumasach thig le Scéim um Chúramaí Baile bheith ina rogha níos fearr duit ná ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.

Athruithe ar riachtanais ÁSPC do ranníocóirí deonacha

Ó 6 Aibreán 2015 is gá 520 ranníocaíocht ÁSPC (10 mbliana) a bheith íoctha agat chun bheith incháilithe ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh:

  • Má bhí daoine ina ranníocóir ar 6 Aibreán 2013 go 6 Aibreán 2014, ba ghá dóibh 364 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha acu (9 mbliana).
  • Má bhí daoine ina ranníocóir ar 6 Aibreán 2014 go 6 Aibreán 2015, ba ghá dóibh 468 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha acu (7 mbliana).

Rialacha

Chun cáiliú le ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh ní mór duit:

  • 520 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha faoi árachas éigeantach i gceachtar fostaíocht nó féinfhostaíocht
  • Ní mór duit iarratas chun ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh laistigh de 60 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana cánach (bliain ranníocaíochta) ar lena linn a d’íoc tú árachas éigeantach nó a bhí ranníocaíochta creidiúnaithe agat. (Ó Feabhra 2017, tá an teorainn ama le haghaidh ranníocaíochtaí deonacha méadaithe ó 12 mhí go 60 mhí.)
  • Comhaontú le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ó thús seachtain ranníocaíochta a leanann an tseachtain a d’éirigh tú as árachas éigeantach.

Is ionann an bhliain ranníocaíochta agus an bhliain chánach ioncaim, is é sin ó Eanáir go Nollaig.

Ní féidir ranníocaíochtaí atá íoctha de réir Aicme ÁSPC J a úsáid chun na coinníollacha seo a chomhlíonadh. Is féidir leat, áfach, ÁSPC ag Aicme J agus ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an am céanna.

Stadann tú ag íoc ranníocaíochtaí deonacha ceachtar nuair a bhíonn tú 66 bliana d’aois nó nuair a thosaíonn tú ag íoc ÁSPC arís.

Má fhaigheann tú Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh (Aistriú) ag 65 bliana níl ort ranníocaíochtaí deonacha sa bhreis a íoc.

Rataí

Tá trí ráta éagsúil do ranníocaíochtaí deonacha ann. Is ionann an ráta ranníocaíocht deonach a íocann tú agus an ranníocaíocht ÁSPC is déanaí a d’íoc tú nó atá creidiúnaithe agat. Léigh tuilleadh eolais faoi íocadh árachais shóisialaigh.

Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme A, E, nó H, íocann tú ardráta ranníocaíochta de 6.6% ar d’ioncam inríofta sa bhliain cánach roimhe sin faoi réir íos-táille de €500. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas :

Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme B, C, nó D íocann tú íosráta ranníocaíochta de 2.6% ar d’ioncam inríofa sa bhliain chánach roimhe sin faoi réir íostáille de €250. Socraítear an t-uastáille de réir na huasteorann ÁSPC atá i bhfeidhm i ngach bliain ranníocaíochta. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas:

  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)

Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme S íocann tú bunráta de €500. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas :

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)

Is féidir ranníocaíochtaí a íoc le seic, Dréacht Bainc nó Dochar Díreach. Is féidir leat do ranníocaíochtaí deonacha a íoc le cnapshuim roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta nó le tráthchodanna gach trí nó se mhí le linn na bliana ranníocaíochta. Ní mór duit iomlán na ranníocaíochta don bhliain a íoc gan a bheith níos moille ná 12 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana ina bhfuil an íocaíocht dlite.

Conas iarratas a dhéanamh

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Rannóg na Ranníocaíochtaí Deonacha

Roinn Coimirce Sóisialaí
McCarter's Road,
Buncrana,
Dún na nGall,
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2020