Tá láithreán gréasáin selfemployedsupports.ie á chothabháil ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, gníomhaireacht reachtúil atá freagrach as seirbhísí faisnéise, comhairle agus tacaíochta a chur ar fáil don phobal in Éirinn. Tugann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh aitheantas iomlán don cheart príobháideachais atá agat agus ní bhaileoidh siad aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan toiliú soiléir a fháil ar dtús uait. Déileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta a thugann tú de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus cloífidh siad go dian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an láithreán gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais láithreán gréasáin eile. Mínítear cuid de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.
Ní bhailíonn láithreán gréasáin selfemployedsupports.ie aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a sheolann tú féin isteach go toiliúil. (Mar shampla, má chuireann tú aiseolas chugainn nó má chuireann tú ceist orainn). Ní úsáidtear aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an mbealach seo ach le haghaidh na haidhme ar chuir tú ar fáil í.
Is féidir linn an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir den láithreán:
Ní úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú ach amháin le haghaidh na haidhme ar chuir tú ar fáil í. Scriosfar do shonraí ón gcóras i ndiaidh tréimhse áirithe ama. Ní úsáidtear aon fhaisnéis eile a bhailítear ach le hanailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide, le treoir a thabhairt dúinn maidir le feabhas a chur ar an láithreán.
Ní dhéanfaidh Faisnéis do Shaoránaigh iarracht cuairteoirí ar leith a aithint, ná na sonraí teicniúla a liostaítear thuas a cheangal le haon duine. Tá beartas againn gan faisnéis theicniúil den sórt seo faoi chuairteoirí ar leith ar an láithreán gréasáin a nochtadh d'aon tríú páirtí mura bhfuil dualgas orainn faisnéis a nochtadh de réir an dlí. Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis ach ar mhaithe le haidhmeanna staitistiúla agus aidhmeanna eile a bhaineann leis an riarachán.
Ba chóir duit a thabhairt faoi deara nach "sonraí pearsanta" iad mionsonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le haon duine inaitheanta ar leith le haghaidh na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Is éard is fianán ann comhad beag a sheolann roinnt láithreáin ghréasáin chuig do bhrabhsálaí nuair a fhaigheann tú rochtain ar an láithreán sin. Féadfaidh tú teacht ar níos mó faisnéis ghinearálta faoi fhianáin thíos.
Nuair a thugann tú cuairt ar selfemployedsupports.ie den chéad uair, feicfidh tú fógra ag barr an leathanaigh a chuireann ar an eolas thú faoi fhianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe 'Folaigh an teachtaireacht seo' ar an bhfógra seo, socrófar fianáin a chuirfidh i dtaifead do rogha.
Úsáideann an láithreán gréasáin seo Google Custom Search chun feidhmíocht chuardaigh an láithreáin a chur ar fáil. Féadfaidh Google fianáin a shocrú nuair a úsáideann tú an fheidhm chuardaigh. Féadfaidh tú teacht ar bheartas príobháideachais Google anseo: www.google.com/policies/privacy/.
Ina theannta sin, féadfaidh Google fianáin a shocrú nuair a léirítear Google Maps ar an láithreán gréasáin seo.
Ligfidh tromlach na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó chun do chuid socruithe a oiriúnú le haghaidh fianán. Chun teacht ar fhaisnéis ar conas seo a dhéanamh, féach ar an roghchlár 'Cabhair' ar do bhrabhsálaí.
Má tá imní ort faoin mbealach a phróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an láithreán gréasáin seo, ná bíodh aon drogall ort an imní seo a chur in iúl dúinn tríd an bpost ag an seoladh a leanas:
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Urlár na Talún
Teach Ché Sheoirse
43 Sráid Chnoc na Lobhar
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +353 761 07 9000
Facs: +353 1 6059099
An píosa bogearra a úsáideann tú le leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.
Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta ghréasáin), a chuirtear in iúl i gcód prótacal idirlín (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh sainiúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach ionann an seoladh i gcónaí gach uair a dhéantar ceangal.
Is píosaí beaga faisnéise fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Féadfaidh an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán arís. D’fhéadfadh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán baint le do ghnáthaimh bhrabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir uathúil aitheantais ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin "cuimhne" a bheith ort ar fhilleadh arís ort. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin. Go ginearálta, ní chuimsíonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir leat bheith sainaitheanta, murar thug tú an fhaisnéis sin don láithreán gréasáin.