Séanadh

Rinneadh gach iarracht lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin selfemployedsupports.ie cruinn agus cothrom le dáta. Má thugann tú faoi deara go bhfuil botún ann nó go bhfuil rud ar bith fágtha ar lár, abair linn faoi, le do thoil. Tá sé mar bheartas againn botúin a cheartú chomh luath agus atá an botún aimsithe. Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an láithreán seo de shaghas ginearálta agus seans nach gclúdódh sí cúinsí ar leith a bhaineann le duine áirithe. Má bhíonn fiosrúchán agat faoi do theidlíocht áirithe, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an ngníomhaireacht a bhfuil sé faoina cúram.

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis ar infhaighteacht scéimeanna agus seirbhísí ar fáil ach níl sé freagrach as an mbealach a dhéantar na scéimeanna a reáchtáil agus a riar.

Déanann cáipéisí ar an láithreán seo cur síos ar scéimeanna agus ar sheirbhísí atá chomh simplí agus is féidir. Seans go mbeidh saincheisteanna casta ó thaobh an dlí i gceist leis na seirbhísí agus leis na scéimeanna nach gclúdóidh an cur síos simplí ann na saincheisteanna sin. Má tá comhairle dhlíthiúil nó ghairmiúil ag teastáil uait, ba chóir duit dul i gcomhairle le duine a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige nó aici.

Uaireanta bíonn naisc ag an láithreán seo le láithreáin sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh orthu agus nach bhfuil sé freagrach astu. Cuirtear aon naisc ar fáil ón láithreán seo le láithreáin eile ar mhaithe le caoithiúlacht amháin. Níor chóir a ghlacadh leo mar dhroimscríbhinn ar ábhar nó ar chleachtais na láithreán gréasáin sin seachtrach.

Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, ná an Stát ná a chuid gníomhairí freagracht ar bith as an bhfaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin faoi láthair a bheith cruinn, iomlán ná cothrom le dáta. Ní thugann siad ráthaíocht, baránta, ná gealltanas ina thaobh agus ní ghlacann siad le dliteanais ar bith a eascraíonn as aon bhotún nó aon rud bheith fágtha ar lár ón láithreán gréasáin.

Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh freagracht as na haistriúcháin atá ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29/12/2011